An Ghaeilge abú i bPobalscoil Charraig Uí Leighin

Chuir  Pobalscoil Charraig Uí Leighin isteach ar Ghaelbhratach i mbliana.GB_FINAL_logo_110214
D’eagraigh coiste ón gceathrú bhliain réimse leathan imeachtaí don scoil go léir
chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na ndaltaí i slí taitneamhach.
Choimeád siad fillteán agus chuaigh said faoi agallamh le Conradh na Gaeilge freisin.
Is mór an onóir do Roinn na Gaeilge a fhógairt gur éirigh leis an
scoil Gaelbhratach a bhaint amach agus táimid ag súil go mór leis an
mbronnadh oifigiúil i Meán Fómhair a dhéanfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn.
Comhghairdeas ó chroí le Roinn na Gaeilge agus leis an gCoiste ar fad:
Cathaoirleach: Ríonach Ní hUirthuile
Leas-Chathaoirleach: Jessica Ní Chonaill
Rúnaí: Michelle Ní Choileáin
Oifigeach Chaidreamh Phoiblí: Jodie Ni Mhiacháin
Baill eile: Eithne Ní Bhroin agus Eimear Ní Bhrádaigh