World Record Achievement for Irish Department
Dé Céadaoin, an dara lá de Dheireadh Fómhair, bhí ócáid an-speisialta ar siúl i bPobalscoil Charraig Uí Leighin. Ghlac grúpa mór dalta páirt i ‘Comhrá 24/7’, cur-iarracht domhanda don chomhrá leanúnach is faide as Gaeilge. Bhí seachtain chomhrá ar siúl ar fud an domhain agus rinne na daltaí uair a’ chloig mar chuid den chur-iarracht. Bhí an comhrá le feiceáil beo ar Twitter mar bhí ceamara greasáin ag taifeadadh sa leabharlann. Bhí gach duine ar fheabhas ar fad agus bhí spraoi agus craic ag gach duine. Tar éis an chomhrá bhí sú agus cáca milis ar fáil! Bhí an-rath ar an ócáid agus bhí na daltaí an-bhródúil mar tá Gaeilge do-chreidte acu! Go raibh míle agaibh a mhúinteoirí agus a dhaltaí. Gaeilge abú!
le Hannah Shallo