Seachtain na Gaeilge 2011

 Eagraíodh a lan imeachtaí difriúla i rith Sheachtain na Gaeilge 2011 i scoil Phobail Charraig Uí Leighin. Bhí céilithe ar siúl, tráth na gceist, comórtais chainte agus go leor comórtas eile.
Bhain gach duine taitneamh agus tairbhe as imeachtaí go léir na seachtaine. Caithfear ard-mholadh a thabhairt do na daltaí ar fad de bharr na sár-iarrachtaí a rinne siad le caint na gaeilge timpeall na scoile. Bhí bronnadh oifigiúil de theastais ag deireadh na seachtaine. Fuair ós cionn seachtó dalta teastas sár-iarrachta agus ubh cásca mar dhuais.
 Ní féidir dearmad a dhéanamh ar na múinteoirí a rinne an-iarracht iad fhéin. Bhí an bua ag an Iníon De Staic ag an ngnáthleibhéal agus bhain an tUasal Mac Carthaigh amach an chéad áit san Ardleibhéal. Maith sibh! Ní féidir a shéanadh gurb í Beatha Teanga í A Labhairt” agus is cinnte gur fíor dó! Táimid ad súil le Seachtain na Gaeilge 2012 cheana féin.

Míle buíochas

Ó Roinn na Gaeilge, Scoil Phobail Charraig Uí Leighin